Fiontraíthe le Gaeilge

Fiontraithe le Gaeilge

image

Poiblíocht / PR

06 Samhain 2006

Sonraí an Phoist

An Ról
Tacú le hullmhú agus forbairt ar chlár oiliúna agus fiontraíochta, atá dírithe ar riachtanais na macléinn, i meánscoileanna áirithe i gceantar Interreg.
Ábhar cuí a aimsiú, a fhorbairt agus a chur i láthair na macléinn sna scoileanna roghnaithe.
Spéis san fhiontraíocht a spreagadh agus a dhaingniú i measc na macléinn.
Cuir le haidhmeanna agus le héifeacht INTERREG sna réimsí cothromaíochta sa phobal agus deiseanna ar chomhchéim chuí a chur ar fáil d'achan duine.
An Duine
Scileanna éifeachtacha cumarsáide
Taithí sna réimsí oideachais agus gnó
Líofacht iomlán i nGaeilge idir labhairt agus scríobh.
Scileanna láidre eagrúcháin
Taithí i dtaighde agus i gcaipéisíocht
Iomlán eolach ar ríomhaireacht agus ar chórais idirlín
Dualgaisí
Plé agus freastal ar riachtanaisí an chláir 'Fiontraithe le Gaeilge'
Ionaid agus sceidil léachtóirí a shocrú don mhodúl oideachais
Léachtaí a shocrú ar-líne maraon le hábhar eile
Taighde a dhéanamh i leith riachtanaisí an togra
An modúl meánscoile a eagrú agus a fheidhmiú go héifeachtach
Comhoibriú teann leis an chomhordaitheoir agus leis an bhainistíocht
Tuarisciú rialta do bhainistíocht agus do bhord Fiontraithe le Gaeilge
Táille
Íocfar táille £20,000 don duine a cheapfar chomh maith costaisí taistil agus cothabhála.

Eolas: Eunan Mac Cuinneagáin, WestBic, Cill Chartha. 074 97 38333 nó ag www.fiontrai.ie

Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall. Fón: 074 9730248 Oifig.

Forbairt Feirste, Béal Feirste, BT 12 6FB Fón: 028 90438597 Jake

Return to top


image image image image image image image image image image
image

image
 
Oideas Gael Interreg 3A Irish Central Border Area Interreg IIIA Partnership (ICBAN) Údarás na Gaeltachta Forbairt Feirste