Fiontraíthe le Gaeilge

Fiontraithe le Gaeilge

image

Preas Ráiteas 17 Bealtaine 2008

Mar chuid de chlár oiliúna agus forbartha Fiontraithe le Gaeilge (www.fiontrai.ie), cuireadh dianchúrsa traenála ar fáil dos na rannpháirtithe sa líonrú sóisialta idirlín agus sna meáin digiteacha a bhaineann leis.

Tá casadh úr san idirlíon le blianta beaga anuas leis an mbéim atá ar shuíomhanna sóisialta ar nós, MySpace, Bebo, Facebook srl. Anuas ar sin tá forbairt mhór déanta maidir le meáin an idirlín, sa mhéid is go bhfuil fís agus fuaim an-choitianta anois agus trácht agus éileamh ar leithéidí YouTube agus suíomhanna eile nach é.

Tugann na córais shóisialta seo deiseanna iontacha do chomhlachtaí beaga:

• Mionghrúpaí spéise ar leith a aimsiú agus margaí a chothú do tháirgí agus do sheirbhísí sainiúla, mar shampla seirbhísí teanga-bhunaithe.
• Cuireann an t-idirlíon ceisteanna i dtaobh faid slí agus dlús pobail ar ceal. Is féidir freastal ar mhargadh in áit ar bith.
• Cothromú na páirce imeartha: idir chomhlachtaí beaga agus móra, idir chomhlachtaí agus a gcuid custaiméirí.
• Modhanna agus úirlisí nua oibre ar an idirlíon a oireann ach go h-áirithe do mhion-chomhlachtaí
• Pobal idirlín a chothú, agus custaiméirí a fháil.

Fostaíodh an saineolaí idirlín, Conn Ó Muíneacháin ón gcomhlacht Edgecast Media, leis an oiliúint seo a chur ar fáil. Is é a fhoilsíonn an podchraoladh Gaeilge An tImeall agus scríobhann sé ar chúrsaí idirlín i Lá Nua.

Mar chuid den togra seo, cruthaíodh suíomh sóisialta dá gcuid féin do rannpháirtithe Fiontraithe le Gaeilge: AnLionra.net. Is féidir leis na fiontraithe caidreamh a chothú eatarthu féin agus leis na pobail ar a bhfuil siad ag freastal orthu anseo. Árdán foilsitheoireachta is ea é chomh maith ionas gur féidir leo blaganna a scríobh, podchraoltaí fuaime agus físeáin a fhoilsiú. Cosúil le YouTube, is féidir na h-ábhair seo a neadú agus a athfhoilsiú chomh maith ar shuíomh ar bith eile, mar shampla ar shúiomh an chomhlachta.

Cuirtear fáilte roimh phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge bheith in éineacht leis na fiontraithe sa phobal fíorúil seo. Bígí linn ag AnLionra.net!

Is féidir clárú don chomhdháil le eunan@fiontrai.ie nó glaoigh ar 074 97 38333

 

Return to top


image image image image image image image image image image
image

image
 
Oideas Gael Interreg 3A Irish Central Border Area Interreg IIIA Partnership (ICBAN) Údarás na Gaeltachta Forbairt Feirste